Leave us your email address and we'll send you all the new jobs according to your preferences.

Strategic Ecology & Asset Analyst

Posted 6 hours 15 minutes ago by Uisce Éireann

Permanent
Full Time
Other
Not Specified, Ireland
Job Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:

Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, bearta tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn thar na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar thar Uisce Éireann.

Is í freagracht na Foirne Straitéise Sócmhainní pleananna straitéiseacha a fhorbairt do na sócmhainní uisce, fuíolluisce agus nádúrtha go léir agus údarú an bhoinn sócmhainní a chinntiú. Clúdaítear i raon feidhme fhreagracht na foirne 5 phríomhréimse: straitéis chomhshaoil, straitéis sócmhainní uisce, straitéis sócmhainní fuíolluisce, pleanáil chun cinn agus straitéis phleanála.

Ag tuairisciú don Bhainisteoir Comhshaoil agus Éiceolaíochta,tá an tAnailísí Straitéise Sócmhainní freagrach as tacú leis na Ceannairí Éiceolaíochta i ndáil le riachtanais infheistíochta laistigh de na réigiúin a aithint, a cheadú agus a chur in ord tosaíochta. D'fhéadfadh go mbeadh oibriú i ndlúthchomhar le tríú páirtithe san áireamh sa ról chun pleananna a fhorbairt a sheachadfaidh seirbhísí d'Uisce Éireann ina dhiaidh sin agus beidh measúnuithe agus cinnteoireacht i gceist freisin maidir le hacmhainn an chórais chun tacú le fás.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
  • Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus tionscadail Uisce Éireann, athbhreithniú agus meastóireacht theicniúil a chur ar fáil ar mheasúnuithe éagsúla éiceolaíochta a bhaineann le pleananna, tionscadail agus cláir Uisce Éireann, agus tacú le hUisce Éireann reachtaíocht agus beartas náisiúnta éiceolaíochta agus comhshaoil a chur i bhfeidhm.
  • A chinntiú go seachadtar gach plean, tionscadal agus clár i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil ábhartha an AE agus náisiúnta agus le gach polasaí agus treoir chomhshaoil de chuid Uisce Éireann.
  • Tacú leis an bhfoireann Bainistíochta Sócmhainní i bhforbairt pleananna bainistíochta sócmhainní agus comhsheasmhacht sa phleanáil ar fud Uisce Éireann agus ailíniú le reachtaíocht chomhshaoil ábhartha á chinntiú.Déan anailís ar an ailíniú idir pleananna reatha agus pleananna atá beartaithe i gcoinne phleananna straitéiseacha fadtéarmacha UÉ agus pleananna náisiúnta.
  • Anailís a dhéanamh chun tacú le beartú tosaíochta agus forbairt chláir, lena gcuirtear amharc cothrom ar chostas, ar riosca, ar fheidhmiúlacht agus ar chosaint / ar fhorbairt chomhshaoil.
  • Tuarascálacha agus léargas a chur ar fáil tríd an bhfaisnéis ábhartha a shainscagadh go tráthúil
  • Anailís a dhéanamh ar threochtaí agus ar shonraí chun saincheisteanna nó rioscaí ábhartha a aithint agus a fhormhéadú
  • An bhéim a choinneáil ar thorthaí tionscadail a bhaint amach agus comhoibriú le foirne eile de réir mar is gá chun a seachadadh a chinntiú
  • A chinntiú go bhfuil Bainisteoirí Tionscadail i mBainistíocht Sócmhainní agus i Seachadadh Bonneagair lán-eolach ar na ceanglais rialála comhshaoil agus na himpleachtaí a bhaineann leo.
  • Cur le cuspóirí agus spriocanna na foirne a shocrú
  • Dualgais eile a chur i gcrích maidir le bainistíocht oibre agus sócmhainne mar a bhíonn siad ag teastáil ó Uisce Éireann.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
  • Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
  • Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích
  • Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
  • Dualgais eile de réir mar is gá
Eolas, Scileanna agus Taithí:
  • Is inmhianaithe cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus/nó creidiúnú a bheith acu, is fearr sin sa réimse Éiceolaíochta / Eolaíochta Comhshaoil.
  • Tá Taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus / nó taithí ábhartha.
  • Taithí ar fhoireann ghairmithe a bhainistiú, dúshláin a réiteach agus bealaí oibre trasfheidhmeacha a chur chun cinn
  • Taithí chruthaithe ar bhainistiú daoine, agus scileanna láidre idirphearsanta, bainistithe athruithe agus réitigh coimhlinte
  • Taithí ag baint úsáid as anailísíocht sonraí chun dúshlán a thabhairt do chinntí agus iompraíocht nach bhfuil ag teacht lenár luachanna
  • Taifead cruthaithe maidir le saincheisteanna casta a bhainistiú go réamhghníomhach, leis an gcumas gníomhú ar aiseolas agus bealaí nua chun rudaí a dhéanamh a chur i bhfeidhm
  • Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.

    Is é an 01/04/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.

    Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

    Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

    Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

    Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
. click apply for full job details
Email this Job