Leave us your email address and we'll send you all the new jobs according to your preferences.
Comhordaitheoir Straitéise Sócmhainní (Abhantrach Chomhtháite)/Asset Strategy Coordinator - Int ...
Posted 12 days 21 hours ago by Uisce Éireann
Permanent
Full Time
Other
Not Specified, Ireland
Job Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár méid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról: Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, bearta tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn thar na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar thar Uisce Éireann.
Is í freagracht na Foirne Straitéise Sócmhainní pleananna straitéiseacha a fhorbairt do na sócmhainní uisce, fuíolluisce agus nádúrtha go léir agus údarú an bhoinn sócmhainní a chinntú. Clúdaítear i raon feidhme fhreagracht na foirne 5 phríomhréimse: straitéis chomhshaoil, straitéis sócmhainní uisce, straitéis sócmhainní fuíolluisce, pleanáil chun cinn agus straitéis phleanála.
Agus é/í ag tuairisciú don Bhainisteoir Abhantrach Comhtháite, tá an Comhordaitheoir Straitéise Sócmhainní freagrach as tacú le straitéisí agus pleananna um chosaint foinsí uisce óil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar aon le tionscnaimh bainistíochta abhantrach.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó daoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive . click apply for full job details

- Ag tacú le tionscadail agus tionscnaimh cosanta foinsí uisce óil a chur i gcrích, lena n-áirítear measúnachtaí riosca ar abhantracha, pleananna gníomhaíochta maidir le abhantracha, monatóireacht, cumarsáid, agus teagmháil le páirtithe leasmhara.
- Tacaíocht a thabhairt do phróiseas um Pleananna Sábháilteachta Uisce Óil - Plean Gníomhaíochta maidir le hAbhantracha de chuid Uisce Éireann i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus le treoirlínte.
- Obair a dhéanamh i gcomhar le foirne inmheánacha agus le páirtithe leasmhara seachtracha d' fhonn foinsí uisce óil a chosaint agus a fheabhsú, acmhainneacht abhantrach a fheabhsú, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí fadtéarma um cháilíocht agus cainníocht uisce.
- Tacaíocht a thabhairt do Straitéis Sócmhainní chun a chinntú go gcuirtear gach plean, tionscadal agus clá i gcrích i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil AE agus Náisiúnta ábhartha agus le beartais agus le treoir chomhshaoil uile de chuid Uisce Éireann
- Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoirí Tionscadail i mBainistíocht Sócmhainní agus i Soláthar Bonneagair chun a chinntú go gcomhlíonann na tionscadail uile a gceanglais rialála
- Rianú agus bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar shonraí sócmhainní agus suímh i gcaitheamh shaolré na sócmhainní
- Tacú le dearbhú cáilíochta agus nuashonruithe maidir le sonraí sócmhainní
- Cabhrú le leagadh amach táscairí feidhmíochta oibríochtúla a bhaineann le sonraí sócmhainne
- Cuidiú le caighdeáin agus dea-chleachtais a bhaineann le bainistíocht cothabhála a cheapadh agus a chur i bhfeidhm
- Treochtaí agus príomhstaitisticí sonraí a dhíorthú chun tacú le cinnteoireacht
- Cabhrú le réiteach fadhbanna bunaithe ar eolas atá bailithe ó chórais inmheánacha agus seachtracha araon
- Cur le cuspóirí agus spriocanna na bpleananna Gnó Bainistíocht Sócmhainní a bhaint amach
- Rioscaí agus fadhbanna a chur in iúl don Bhainisteoir ábhartha de réir mar is cuí
- Tascanna agus sceidil a chomhordú mar is cuí
- Páirt a ghlacadh i dtionscadail leanúnacha de réir mar is gá.
- Coinneáil suas chun dáta leis an dea-chleachtas
- Comhoibriú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
- Dualgais eile ar bith a chur i bhfeidhm maidir le hobair agus le bainistíocht sócmhainní de réir mar a theastódh go réasúnta ó Uisce Éireann.
- Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
- Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích
- Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
- Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
- Dualgais eile de réir mar is gá.
- Tá cáilíocht tríú leibhéal ábhartha nó creidiúnú, nó an dá rud araon, riachtanach (amhail eolaíocht an chomhshaoil, córais faisnéise geografaí, tíreolaíocht, hidreolaíocht, hidrigeolaíocht, eolaíocht na talmhaíochta)
- Tá taithí 1 bhliann ar a laghad sna tionscail uisce, fóntas nó i dtionscail comhchosúla inmhianaithe.
- Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
- Tá taithí ar bhogearraí anailíseacha a úsáid (m.sh. GIS, FME, R Studio, Power BI) inmhianaithe.
- B'fhearr go mbeadh eolas aige/aici ar reachtaíocht Náisiúnta agus Eorpach maidir leis an gcomhshaol, uisce agus fuíolluisce agus talmhaíocht
- An cumas anailís a dhéanamh ar riachtanais na gcustaiméirí agus tacaíocht a sholáthar chun fadhbanna a réiteach
- Cumas léirithe a bheith in ann comhoibriú le comhghleacaithe agus dearcthaí éagsúla a lorg
- Léirithe a bheith solúbtha maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, próisis agus riachtanais nua nuair is gá
- Cuntas teiste ar gach iarracht a dhéanamh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre a chinntiú i rith an ama
- Léirithe arís agus arís eile go bhfuil cumas agat imní sábháilteachta a ardú agus réitigh a aimsiú
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó daoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive . click apply for full job details
Uisce Éireann
Related Jobs
Lead Rowing Coach - Build an Elite School Crew in Edinburgh
- Midlothian, Edinburgh, United Kingdom, EH120
Chef de Partie - Fresh, Local Cooking, Flexible Hours
- Norfolk, Letheringsett, United Kingdom, NR256
Thermal Insulation Technician - On Site
- Lancashire, Preston, United Kingdom, PR0 2
Cirencester - Jobs for Students - Part Time- Evenings 5pm start
- Gloucestershire, Cirencester, United Kingdom, GL7 1
Stores & Purchasing Coordinator
- Yorkshire, Huddersfield, United Kingdom, HD1 1