Irish Medium Translator

Posted 17 hours 14 minutes ago by CCEA

£32,000 - £36,000 Annual
Permanent
Not Specified
Other
Belfast, City, United Kingdom, BT1 1
Job Description

Irish Medium Translator (Senior Executive Officer)

Permanent

£32k-£36k (under review - subject to NJC pay approval)

CCEA is a unique educational body in the UK, bringing together curriculum, qualifications, assessment and regulation. We put learners at the centre of everything we do. We think about what learner's need for life and work and then build solutions to meet those needs. We do this for the compulsory phases of education and post 16.

CCEA is currently seeking to appoint a Senior Executive Officer within CCEA's professional Irish medium Translation and Editorial Team. In this role you will provide high quality translation of a range of educational materials including qualifications specifications, assessment materials and curriculum documents in the medium of Irish. In this role you will be responsible for high quality translation, delivered within a tight timeframe. To be successful you will be required to demonstrate experience, skills and knowledge of working as an Irish translator and of working under pressure to deliver complex and competing priorities.

This post is offered on a permanent basis.

Further details are available by clicking the APPLY icon or from our website.

Applications must be submitted by 12 midnight on Tuesday 1 December 2026

CVs and Cover Letters are not accepted for this role.

CCEA is an internationally recognised, quality organisation committed to the promotion of equality in all aspects of employment.

Aistritheoir Gaeilge (Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach)

Buan

£32k-£36k (á athbhreithniú - ag brath ar fhaomhadh íocaíochta an NJC)

Is eagraíocht oideachasúil ar leith sa RA í CCEA, a thugann curaclam, cáilíochtaí, measúnú agus rialú le chéile. Cuireann muid foghlaimeoirí ag croílár gach rud a dhéanann muid. Díríonn muid ar na nithe sin atá de dhíth ar fhoghlaimeoirí don tsaol agus don obair agus ansin cruthaíonn muid réitigh le freastal ar na riachtanais sin. Déanann muid an méid sin do chéimeanna éigeantacha an oideachais agus don tréimhse i ndiaidh 16.

Faoi láthair, tá CCEA ag iarraidh Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach a cheapadh taobh istigh d'Fhoireann phroifisiúnta Aistriúcháin agus Eagarthóireachta Gaeilge CCEA. Sa ról sin beidh tú ag soláthar aistriúcháin ardchaighdeáin ar réimse d'ábhair oideachasúla, mar shampla sonraíochtaí cáilíochtaí, ábhair mheasúnaithe agus doiciméid churaclaim trí mheán na Gaeilge. Sa ról sin beidh tú freagrach as aistriúcháin d'ardchaighdeán a sholáthar taobh istigh d'achar docht ama. Le go n-éireoidh leat beidh ort a léiriú go bhfuil taithí, scileanna agus eolas agat a bhaineann le bheith ag obair mar aistritheoir Gaeilge, agus gur féidir leat a bheith ag obair faoi bhrú le tosaíochtaí casta comhsháraitheacha a chur i gcrích.

Is ar bhonn buan a thairgtear an post seo.

Ní mór iarratais a chur isteach roimh 12 meán oíche Dé Máirt an 1 Nollaig 2026.

Ní ghlactar le CVanna ná le Litreacha Cumhdaigh don ról seo.

Tá aitheantas idirnáisiúnta ag CCEA mar eagraíocht den scoth atá tiomanta do chur chun cinn an chomhionannais i ngach gné den fhostaíocht.