Eolaí Saotharlainne - Micribhitheolaíocht (Réimsí Iomadúla)/Laboratory Scientist - Microbiology
Posted 1 hour 51 minutes ago by Irish Water
Permanent
Full Time
Laboratory Jobs
Limerick, Ireland
Job Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhíse uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n oibrímid níos fearr le chéile, a ndéan
An Ról: Tá an réimse feidhme um Sheirbhísí Eolaíocha agus Teicniúla freagrach as seirbhísí tacaíochta oibriúcháin a sholáthar go náisiúnta, sampláil agus anailísíocht saotharlainne san áireamh, ar mhaithe lena chinntú go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí i gcomhréir le hoibleagáidí rialála atá i bhfeidhm chun sláinte an phobail agus an timpeallacht a chosaint.
Agus é nó í ag tuairisciú go díreach don Bhainisteoir Teicniúil i pé réimse ina n oibríonn sé nó sí, tá an tEolaí Saotharlainne - Micribhitheolaíocht freagrach as cuidiú le seirbhíse ar ardchaighdeán a sholáthar d'Uisce Éireann agus do chustaiméirí dá chuid, ar bhealach a chloíonn le ceanglais an chórais Bainistíochta Cáilíochta agus leis an gcaighdeán ISO17025. Beifear ag súil go gcuirfidh an té a cheapfar le feidhmíocht na foirne agus le hacmhainní a úsáid go héifeachtach éifeachtúil chun é seo a bhaint amach. Agus páirt a ghlacadh aige nó aici in obair laethúil na saotharlainne, i measc a c(h)uid dualgas beidh samplaí a ullmhú, anailís a dhéanamh agus tuairiscí a scríobh ar Shamplaí Uisce agus Fuíolluisce d'Uisce Éireann (UÉ) de réir mar is gá.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann na huaireanta oibre agus na dualgais seo a leanas le céim oibriúcháin na seirbhíse Saotharlainne agus Samplála. Beidh céim forbartha tosaigh ann ina mbeidh uaireanta oibre idir 9am agus 5pm Luan go hAoine i bhfeidhm agus beidh feidhm ag dualgais a bhaineann le forbairt na seirbhíse go dtí go gcuirfear tús leis an gcéim oibriúcháin.
Tá gá le solúbthacht sa ról seo ó thaobh uaireanta oibre de ós beidh ar an té i mbun an róil seo páirt a ghlacadh i n uainchláir gnáthuaireanta oibre le go mbeidh a dhóthain fostaithe ag obair sa tSaotharlann i gcónaí i rith a huaireanta oibriúcháin idir 8am agus 8pm Luan go hAoine. Tá ceangaltas seirbhíse i bhfeidhm freisin maidir le cumhdach saotharlainne a sholáthar le linn an deireadh seachtaine agus ar Laethanta Saoire Poiblí. Maidir leis an ngá obair a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine/ar laethanta saoire poiblí, ní iarrfar é seo a dhéanamh ach go hannamh agus mar chuid d'uainchlár sainithe agus mar bhreis ar an ngnáthsheachtain oibre. Maidir le hobair a chuirfear ar an uainchlár le déanamh lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre 8am go 8pm Luan go hAoine, íocfar luach saothair ina leith i bhfoirmliúntais um páirt a ghlacadh san uainchlár.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó daoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar b
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive . click apply for full job details

- Cuidiú le seirbhís den scoth a sholáthar do UÉ agus do chustaiméirí dá chuid, le próisis a chloíonn le ceanglais an GCC, Bord Náisúnta na hÉireann um Chreidiúnú (INAB), ISO17025, le ceanglais rialála agus leis an gcóras bainistíochta.
- Freagrach as anailís a dhéanamh ar shamplaí d'uisce glan agus d'fhuíolluisce faoi choinne anailísí micribhitheolaíochta sa réimse ina n oibríonn sé nó sí.
- Páirt a ghlacadh san uainchlár deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí sna saotharlanna ceimice nuair is gá, de réir na n uainchlár formheasta.
- Páirt a ghlacadh i modhanna nua agus i modhanna atá ann cheana féin a fhorbairt, a dheimhniú, agus a bhailíochtú faoi choinne anailís a dhéanamh ar uiscí, ar fhuíolluiscí agus ar shamplaí bainteach leo seo in UÉ, de réir mar is gá.
- Freagrach as páirt a ghlacadh i Scéimeanna tástála inniúlachta (PT) sa réimse ina n oibríonn sé nó sí.
- Dlús a chur le bheith tíosach agus le scoth na hoibre a dhéanamh chomh maith le réitigh a phromhadh agus a fhorbairt a fhéachann le feabhas a chur ar chleachtais atá ann cheana agus le dea chleachtas sa tionscal a ghlacadh.
- Tuairisciú agus athbhreithniú a dhéanamh go pras chomh maith le torthaí tástála saotharlainne a údarú (ráitis chomhréireachta san áireamh, nuair is infheidhme) sa rannóg ina n oibríonn sé nó sí, i gcomhréir leis an gCóras Cáilíochta, ISO17025 agus le ceanglais rialála, de réir mar is gá.
- Tabhair faoi agus páirt a ghlacadh i measúnuithe riosca (Sláinte & Sábháilteachta agus Oibríochta) sa réimse ina n oibríonn sé nó sí, i gcomhréir le ISO17025, UÉ agus le ceanglais QMS, de réir mar is gá.
- Páirt a ghlacadh in iniúchtaí inmheánacha i gcomhréir le ISO17025 agus le ceanglais QMS, de réir mar is gá.
- Tabhair faoi agus páirt a ghlacadh i bhfiosruithe oibre neamhchomhréireacha i gcomhréir le ceanglais ISO17025 agus QMS, de réir mar is gá.
- De réir na hoiliúna a chuirtear agus de réir na treorach a thugtar, fabhtcheartú, cothabháil, agus seiceáil a dhéanamh ar threalamh lena chinntú go mbíonn an trealamh oiriúnach don fheidhm i gcónaí, i gcomhréir le ISO 17025.
- Caighdeáin agus rialuithe cáilíochta a ullmhú le cois monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht (mar shampla, cairteacha rialaithe, cuair chalabrúcháin) sa réimse ina n oibríonn sé nó sí, de réir mar is gá.
- Dea chaidreamh oibre gairmiúil a shnaidhmeadh agus a choinneáil ar bun le baill foirne eile sa tSaotharlann chomh maith le tacú le beartais agus tionscnaimh AD de chuid UÉ.
- Monatóireacht a dhéanamh ar PTFanna maidir le próisis agus tuairiscí a scríobh orthu, de réir mar a shanntar.
- Freagrach as aon dualgas eile a chomhlíonadh a d'fhéadfadh an Bainisteoir Teicniúil a iarraidh le réasún.
- Cloí le gach plean, beartas agus nós imeachta SSCT.
- Cáilíocht tríú leibhéal i ndisciplín Eolaíochta atá ábhartha dá réimse saineolais.
- 3 bliana ar ar a laghad a bheith ag gabháil dá réimse saineolais/don Mhicribhitheolaíocht, go háirithe más i saotharlann tástála ISO17025 nó in ionad den sórt sin a rinneadh an obair sin.
- A bheith eolach ar na dea chealaí anailíseacha agus nósanna imeachta atá i réim ina réimse saineolais/ sa Mhicribhitheolaíocht faoi láthair: D'fhónfadh sé do dhuine sa phost seo a bheith taithíoch ar theicnící Cripteaspóiridiam.
- D'fhónfadh sé do dhuine sa phost seo a bheith eolach ar an bpróiseas creidiúnúcháin ISO17025 agus ar na ceanglais a ghabhann leis.
- Taithí ar bheith ag plé le Córas Bainistíochta Caighdeán Saotharlainne (QMS) agus le Córas Bainistíochta Faisnéise Saotharlainne (LMIS).
- In ann oibriú de réir spriocdhátaí agus oiriúnú do dhálaí athraitheacha agus débhríocht, ag giniúint réitigh éifeachtacha agus phragmatacha ar chásanna agus ar fhadhbanna nua de réir mar a chuirtear i láthair iad.
- Teist cruthaithe maidir le deiseanna a aithint le haghaidh feabhsúcháin próisis agus nuálaíochta.
- Duine aonair ardspreagtha, ag obair de réir na gcaighdeán gairmiúil agus eiticiúil is airde agus a bhfuil cumas cruthaithe aige torthaí a sheachadadh agus faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.
- Scileanna anailíseacha láidre agus an cumas fadhbanna agus feabhsúcháin fhéideartha a sainaithint agus a anailísiú agus réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
- Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
- An cumas a léiriú chun saincheisteanna sábháilteachta a réiteach go tapa agus feabhsuithe a lorg de réir straitéis ghnó.