Comhordaitheoir Sceidealaithe agus Seolta / Scheduling and Dispatch Coordinator

Posted 1 day 23 hours ago by Irish Water

Permanent
Full Time
Other
Not Specified, Ireland
Job Description
An Ról:

Tá feidhm na nOibríochtaí Sócmhainní ina bunchloch maidir le soláthar seirbhísí do chustaiméirí, leis an gcomhshaol a chosaint agus le caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.

Tá an Réimse Feidhme Sreafa Oibre freagrach as bainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an obair lasmuigh ar fad trí shaolré iomlán an ord oibre ón gcéim pleanála go dtí deireadh na hoibre. Áirítear leis sin maoirseacht a dhéanamh ar thionscnamh, seoladh agus cur chun cinn orduithe oibre, iarratais seirbhíse a phróiseáil, acmhainní sásúla a leithdháileadh, deiseanna cuachta a shainaithint, réamhriachtanais oibre a shainaithint, orduithe oibre a chruthú a bheidh le cur chun cinn agus le seoladh chuig an réimse, bainistiú na lóistíochta agus na stórtha chun gur féidir fardail a rialú go héifeachtach agus go héifeachtúil, fógra éartha seirbhíse a phróiseáil agus gearáin a réiteach.

Tá an Folimistéar Sceidealaithe agus Seolta freagrach as sceidealú, bainistíocht acmhainní agus seoladh oibre a bhainistiú agus a chomhordú chun an obair a chríochnú agus a sheoladh chuig acmhainní allamuigh.

Tá an Comhordaitheoir Sceidealaithe agus Seolta freagrach as sceideal na ngníomhaíochtaí a sholáthar d'oibríochtaí, cothabháil, Caipiteal agus obair dheisiúcháin ón uirlis sceidealaithe chun an t-ualach oibre a bharrfheabhsú, agus tosaíochtaí oibre agus srianta acmhainní a chomhlíonadh. Áirítear leis seo bainistiú a dhéanamh ar na heisceachtaí nach bhfuil pleanáilte go huathoibríoch ag an arduirlis sceidealaithe chun aon riosca a mhaolú, agus sceidealú de láimh a dhéanamh de réir mar is gá.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
  • Freagrach as an bpróiseas cuimsitheach a bhainistiú ón sceideal go dtí an seoladh deiridh le haghaidh riachtanais ordaithe oibre arna nginiúint ar Maximo i gcóras sceidealaithe Uisce Éireann (m.sh. Sceidealóir Clic) chun sceideal uathoibrithe gníomhaíochtaí a sholáthar le haghaidh oibríochtaí.
  • Na heisceachtaí nach féidir a phleanáil go huathoibríoch ag an arduirlis sceidealaithe a bhainistiú agus sceidealú de láimh a dhéanamh nuair is gá.
  • Obair a leithdháileadh ar acmhainní ar leith agus bunsceidil oibre a atheagrú nuair is gá athruithe a dhéanamh ar an sceideal.
  • Freagrach as infhaighteacht acmhainní a chothabháil san uirlis sceidealaithe.
  • Freagrach as seoladh éifeachtach na hoibre chuig acmhainní allamuigh a chinntú.
  • Freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh leis an tSraith Bainistíochta Eatramhach / Criúnna áitiúla agus bainistíocht/ Uisce / Oibríochtaí Cóireála Fuíolluisce / Oibríochtaí Líonra agus C&D/ Ceannasaithe Fhoireann C&D/ agus le foirne ábhartha Seachadta Sócmhainní agus Conarthaí chun sceidil agus infhaighteacht criúnna a bhainistiú agus a nuashonrú, fadhbanna acmhainní a chur in iúl de réir mar is gá don Cheannasaí Foirne agus don tSraith Bainistíochta Eatramhach.
  • Freagrach as dul chun cinn tráthúil orduithe oibre stádais oscailte a chinntú de réir mar is gá, ag cinntú go seoltar orduithe oibre agus go ndéantar monatóireacht orthu chun tacú le seachadadh seirbhíse.
  • Obair a chur in ord tosaíochta agus raon na hoibre a mheas le haghaidh sceidealú agus seoladh chuig an limistéar i gcás aláraim le linn gnáthuaireanta, Eachtra éartha seirbhíse, éigeandáil, riachtanais CRF, custaiméirí leochaileacha nó eachtra neamhphleanáilte/frithghníomhacha eile den chineál céanna agus aon ghníomhaíochtaí meara eile.
  • Freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha ar fad atá ar siúl sa réimse, ag cur rudaí in ord tosaíochta arís is arís eile nuair is gá.
  • Ní mór freagra a thabhairt ar cheisteanna seolta ón réimse de réir mar is gá.
  • Freagrach as anailís ar bhunchúiseanna a dhéanamh agus sainaithint réiteach a sholáthar chun tacú le sceidealú agus seoladh m.sh. béim a chur ar chumas easpach chun tabhairt faoi na hoibríochtaí, pleananna cothabhála agus deisiúcháin i limistéar ar leith.
  • Freagrach as a chinntú go bhfuil réamhriachtanais i bhfeidhm roimh orduithe oibre sceidealaithe de réir mar is gá, ag déanamh idirchaidrimh leis an Anailísí Lóistíochta agus Tionscnamh Oibre agus foireann Cuachta maidir leis an méid sin.
  • Freagrach as cumas na foirne a ailíniú ar an tasc agus na hacmhainní úsáide sa réimse a bharrfheabhsú.
  • Tá tuiscint láidir ag teastáil ar an gcineál oibre sa réimse chun a bheith in ann sceidealú éifeachtach a bhainistiú agus seoladh na hoibre chuig foirne bonn réimse.
  • Freagrach as tacaíocht a thabhairt don Ionad Teagmhála do Chustaiméirí, d'Uasligean Gearán Sreafa Oibre agus d'fhoirne Sreafa Oibre eile maidir le saincheisteanna/fiosrúcháin ar bith ó chustaiméirí.
  • Freagrach as aon dualgais eile a chur i gcrích a mheastar atá ag teastáil agus/nó atá riachtanach, a d'fhéadfadh Ceannasaí Foirne Sceidealta agus Seolta a iarraidh go réasúnta.
  • Tacú le Sreabhadh Oibre agus Seirbhís do Chustaiméirí trí dhualgais agus tascanna eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil (m.sh. mar phointe teagmhála d'idirchaidreamh ar ghléasra ar cíos, Éaradh Seirbhíse Lódála a Nuashonrú agus a Thuairisciú, Réitigh Ghearáin Leantacha a Fhiosrú srl).
  • Oibriú go dlúth le feidhmeanna eile laistigh de Shreabhadh Oibre (m.sh. Dul Chun Cinn, Cláir Ghearán agus Líonraí) agus Oibríochtaí Sócmhainní chun seirbhís chruinn atá dírithe ar chustaiméirí a chinntú.
  • Freagrach as córais, próisis agus meicníochtaí cosanta den sórt sin a fhorbairt, a thástáil agus a choinneáil cothrom le dáta (m.sh. liostaí teagmhála, córais láimhe agus logaí srl) chun a bheith in ann sceidealú as líne agus bainistiú oibre a dhéanamh (m.sh. i gcás cliseadh córas nó cibirionsaí).
  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
  • Dualgais eile mar a leagtar amach ag an mbainistíocht líne.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
  • Tá cáilíocht agus/nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe.
  • 2 bhliain de thaithí ábhartha ar a laghad ag teastáil. Tá taithí sa tionscal uisce nó fóntas nó i dtionscail atá cosúil leo inmhianaithe.
  • Taithí ar ról comhchosúil i mbainistiú oibre, i bpleanáil oibre, i maoirseacht leabhar oibre nó a chomhionann.
  • Buneolas ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán, na bpróiseas agus na nósanna imeachta a bhaineann le sceidealú agus seoladh na hoibre.
  • Sár-bhuneolas ar Maximo.
  • Taithí ar a bheith ag obair le córais lena n-áirítear córais bhainistíochta oibre (m.sh. Sceidealóir Clic, Workspace One, Maximo, srl.).
  • Scileanna ríomhaireachta m.sh. inniúlacht láidir in Excel.
  • Scileanna láidre anailíse agus réitithe fadhbanna.
  • Táimid uaillmhianach - réimsí nua foghlama a aithint go réamhghníomhach chun tacú le feabhas leanúnach a chur ar ghníomhaíochtaí S&D.
  • Cumas cinntí a dhéanamh bunaithe ar anailís faisnéise laistigh de thimpeallacht a ghluaiseann go tapa agus a dhíríonn ar an gcustaiméir.
  • Déanfaimid beart de réir ár mbriathair do chustaiméirí agus pobail - taithí ar ghnó atá dírithe ar chustaiméirí.
  • Scileanna sármhaithe cumarsáide scríofa agus labhartha.
  • Oibrímid níos fearr le chéile - cumas láidir dea-chaidreamh oibre a fhorbairt agus a choinneáil.
  • Taithí ar idirchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha ar sheoladh orduithe oibre.
  • Buneolas ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán, na bpróiseas agus na nósanna imeachta a bhaineann le tionscnamh oibre agus próisis chuachta.
  • Eolas teicniúil agus/nó taithí inmhianaithe.

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 29/05/2026.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.