Ceannasaí Teicniúil na Bainistíochta Inneachair Fiontair/Enterprise Content Management Technica ...

Posted 2 hours 53 minutes ago by Uisce Éireann

Permanent
Full Time
Other
Cork, Ireland
Job Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Dírímid, mar sin, ar chabhrú lenár bhfoireann an obair is fearr dá saol a dhéanamh ionas go mbeidh tionchar dearfach ag an obair sin ar phobail ar fud na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn daoine cumasacha oilte a mhealladh agus a fhorbairt, ar daoine iad as cúlraí éagsúla agus ag a bhfuil saineolas agus tuiscint a bhíonn ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Creidimid go gcuideoidh a leithéid d'fórsa saothair láidir linn maidir lenár spriocanna a bhaint amach agus go ligfidh sé dúinn leanúint leis an infheistiú i seirbhísí uisce na hÉireann agus na seirbhísí sin a chur chun cinn.

An Ról Cuireann TF Uisce Éireann (TF UÉ) seirbhísí agus tacaíocht TF ar fáil do ghnó níos leithne Uisce Éireann. Tá Oibríochtaí TF freagrach as gníomhaíochtaí uile arna reáchtáil ar bhonn oibríochtúil ar fud Feidhmchlár, Bainistíochta Seirbhíse agus Bonneagair.

Tá Foireann na bhFeidhmchlár Fiontair freagrach as feidhmiú, uasghrádú, agus tacú le gach feidhmchlár fiontair de chuid UÉ amhla Airgeadas, AD agus Córais Phárolla, Uirlisí Tuairiscithe Fiontair, córais ECM, SharePoint/Alfresco agus Service Now. Tacaíonn an fhoireann le forbairt, feabhsú agus cumraíocht feidhmchlár den sórt sin ón gcoincheapadh go dtí go n-úsáidfear iad agus go mbainfear an tairbhe amach.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí
  • Teagmháil leis na gnóthaí agus leis na Páirtithe Gnó TF lena gcinntítear go dtuigeann agus go gcomhlíonann an fhoireann Bainistíochta Inneachair Fiontair (ECM) na ceanglais ghnó agus go gcomhlíontar ceanglais maidir le feidhmchláir fiontair.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar úsáid phunann na gcóras Bainistíochta Inneachair Fiontair ar fud réimsí gnó ábhartha Uisce Éireann lena n-áirítear Airgeadas, AD srl.
  • Ceannaireacht éifeachtúil a chur ar fáil d'fhoireann Bainistíochta Inneachair Fiontair, atá spreagtha agus cumasach, ar fud suíomhanna éagsúla.
  • An fhoireann a chóitseáil, meantóireacht agus a thuilleadh forbartha a déan ar leibhéal ardfheidhmíochta chun seirbhísí bainistíochta inneachair TF, a bhfuil béim láidir ar sheirbhís do chustaiméirí, a sholáthar d'Uisce Éireann.
  • Forbairt na gcóras ECM a bhainistiú, seirbhísí d'Uisce Éireann a chothabháil agus tacú leo lena n-áirítear anailís, dearadh, forbairt, tástáil agus aistriú athruithe go feidhmchláir ar leith.
  • Tacú le forbairt, feabhsú agus cumraíocht ECM ón gcoincheapadh go dtí go n-úsáidfear iad agus go mbainfear an tairbhe astu.
  • Cabhrú le próiseas um Bhainistiú ar Athrú Feidhmchlár a sholáthar agus measúnú a dhéanamh ar thionchar agus ar riosca na n-athruithe feidhmchláir a beartaíodh.
  • Tacú le forbairt straitéisí ECM atá ag teacht le spriocanna fiontair agus lena gcuirtear feidhmiú agus comhlíonadh caighdeán infheidhmithe chun cinn.
  • Feabhsú leanúnach ar Thacaíocht Feidhmchláir agus ar Phróisis Soláthair TF.
  • Oibriú go comhoibríoch ar fud na bhfoirne TF éagsúla chun cuspóirí gnó a bhaint amach.
  • Páirt a ghlacadh sa phróiseas buiséid bliantúil.
  • Príomhtháscairí feidhmíochta míosúla a chur i bhfeidhm agus monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ina dtaobh agus rialachas láidir TF a chur chun cinn.
  • Clúdach taobh amuigh d'uaireanta gnó mar chuid den Róta Cúltaca a sholáthar agus páirt a ghlacadh in obair taobh amuigh d'uaireanta gnó de réir mar is gá.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
  • Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
    • Foirne TF níos leithne, go háirithe na foirne Bainistíochta Seirbhíse, Cibearshlándála agus Ailtireachta
    • Na foirne um Chosaint Sonraí, Bainistíochta Riosca agus Leanúnachais Gnó
    • Foirne Tionscadail ar fud an ghnóthais
  • Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
  • Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
  • Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d'fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha ar bith eile.
  • Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí
  • 4+ bliana de thaithí theagmhálach i mbainistiú, i bhforbairt agus/nó in ailtireacht córas ECM, tá Alfresco agus/nó SharePoint inmhianaithe ach go háirithe
  • Tá deimhniúchán (deimhniúcháin) teicniúil ábhartha i gcórais ECM inmhianaithe
  • Tá deimhniúchán (deimhniúcháin) agus/nó taithí Bainistíochta Sonraí inmhianaithe
  • Tá cáilíocht nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal nó taithí ábhartha inmhianaithe
  • Tá taithí 5 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe
  • Taithí chruthaithe ar bhainistiú daoine, agus scileanna láidre idirphearsanta, bainistithe athruithe agus réitigh coimhlinte
  • Taithí ar dhaoine a chóitseáil chun a gcuid scileanna teicniúla agus a gcumas teicniúil a fhorbairt
  • Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus é léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach
  • Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a sainnigh, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
  • An cumas déileáil le dálaí éagsúla agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
  • Réimsí nua feabhais a sainnigh go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre.
The Role Uisce Éireann IT (UÉ IT) provides IT services and support to the wider Uisce Éireann business. IT Operations is responsible for all operational run activities across Applications, Service Management and Infrastructure.

The Enterprise Applications team are responsible for implementing, upgrading, and supporting all UÉ enterprise applications such as Financials, HR and Payroll Systems, Enterprise Reporting Tools, ECM systems, SharePoint/Alfresco and Service Now. The team support the development, enhancement, and configuration of such applications from conceptualisation through to deployment and benefit realisation. The implementation of new enterprise applications as a result of UÉT involves planning, analysis, test, and implementation of business solutions in project or BAU change contexts. The enterprise applications team support in the design and build activity and offer ongoing support of such solutions.

Reporting to the Enterprise Applications Manager, the Enterprise Content Management Technical Lead supports the full suite of Uisce Éireann IT Enterprise Content Management systems (Alfresco, MSSharePoint and Teams). This involves planning, analysis, test, and implementation of business solutions in project or BAU contexts, including supporting design and build activity where required within the IT team. This role requires strong IT application operations and team management skills, and candidates will ideally come from a utility background with demonstrable leadership, communication and relationship management skills. This role requires collaboration and sharing of IT team responsibilities across the IT Applications team as required and requires close alignment with the Enterprise Applications Manager.

Main Duties and Responsibilities
  • Engage with the business and IT Business Partners to ensure that business requirements are understood and met by the Enterprise Content Management (ECM) team and that enterprise applications requirements are fulfilled.
  • Monitor usage of portfolio of Enterprise Content Management systems across the relevant Uisce Éireann business areas to include Finance, HR etc.
  • Provide effective leadership to a motivated and talented Enterprise Content Management team across various geographical locations.
  • Coach, mentor and further develop the team to high performance in delivering IT content management services to Uisce Éireann with a strong customer service focus.
  • Manage the development of ECM systems, maintain and support services to Uisce Éireann including the analysis, design, development, testing and transition of changes to specific applications.
  • Support the development . click apply for full job details